Is mise Lisa Ní Lúing agus is múinteoir mé le trí bliana déag. Tá Céim Bhaitsiléara, Máistreacht agus Ard-Dioplóma san Oideachas agam, agus tá mé dírithe ar shaineolas Gaeilge a chur ar fáil. Is cainteoir dúchais Gaeilge mé, as Gaeltacht Chiarraí Thiar, agus tá mo chroí istigh i roinnt na Gaeilge le múinteoirí eile. Spreag mo thaithí oideachais féin an dúthracht atá ionam do theagasc na Gaeilge a dhéanamh taitneamhach, nuálach agus oscailte do chách. I gcaitheamh mo shaoil oibre, tá a lán forbairt ghairmiúil agus taighde de mo chuid féin déanta agam, rud a mhúnlaigh an cur chuige speisialta teagaisc atá agam. Creidim gur aistear í an fhoghlaim – aistear lán le gáire, craic, agus spraoi! Tá an Gúrú Gaeilge leagtha amach ar ghrá don nGaeilge a scaipeadh i measc múinteoirí ar fud na tíre. Idir acmhainní den gcéad scoth a chruthú agus cúrsaí agus ceardlanna oiliúna bríomhara a chur ar fáil, tá sprioc shimplí agam: múinteoirí a chumasú leis an muinín agus leis na hacmhainní atá ag teastáil uathu le go mbeidh teagasc na Gaeilge go diail ar fad! Más gairmí tú a bhfuil a lán taithí agat nó má tá tú ag baint triail as saol an oideachais dhátheangaigh, táimse anseo le tacaíocht a thabhairt duit gach céim den mbealach. Le chéile, déanaimis spás bríomhar, mealltach de do sheomra ranga, áit a mbeidh an teanga agus an cultúr beo. Brúigh an cnaipe chun “is maith liom” a thabhairt, ábhar a roinnt nó mé féin a leanúint agus déan cinnte go bhfuil tú cláraithe do na ríomhphoist go mbeidh tú ar an eolas faoi na hábhair agus faoi na hacmhainní iontacha atá le teacht. Déanaimis eispéireas dodhearmadta de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge do chách!
Is mise Lisa Ní Lúing and I'm a primary school teacher with over 13 years experience. With a M.Ed, B.Ed, and a Higher Diploma under my belt, I'm all about bringing some Gaeilge expertise to the table. I'm a native Irish speaker from the Gaeltacht of West Kerry, with a deep-rooted passion for sharing the joy of Gaeilge with fellow múinteoirí. My own journey through primary and secondary education in Ireland has fuelled my dedication to making Irish language teaching enjoyable, innovative, and accessible to all.Throughout my career, I've delved into heaps of professional development and conducted my own research, shaping my teaching approach into something truly special. I believe in making learning an adventure—one filled with laughter, excitement, and plenty of fun! The Gaeilge Gúrú is all about spreading the love for Gaeilge among teachers across the country. From creating top-notch resources to delivering dynamic training courses and workshops, my goal is simple: to empower teachers with the confidence and tools they need to make Irish language teaching nótála ar fad! Whether you're a seasoned pro or just dipping your toes into the world of bilingual education, I'm here to support you every step of the way. Together, let's transform your classroom into a vibrant, engaging space where Irish language and culture come to life. Hit that like, share, and follow button and make sure to sign up for my emails to stay in the loop on all the fantastic content and resources headed your way. Let's make teaching and learning as Gaeilge an unforgettable experience for all involved! 🌟